Document Type

Book Chapter

Rights

Available under a Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike 4.0 International Licence

Publication Details

Book: Ullamh: Lamhleabhar Bainistiochta na Luathbhlianta Lan-Ghaeilge.

Editor: Sean O hAdhmaill

Publsiher: Forbairt Naionrai Teoranta, Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Ui Ghriofa, Baile Atha Cliath 9.

Abstract

Is gá don bhainisteoir cur chuige oiriúnach a aimsiú agus tabhairt faoi go tuisceanach eolasach chun bunaidhmeanna an naíonra, is iad sin forbairt iomlán an linbh agus sealbhú na Gaeilge, a bhaint amach. Is dlúthchuid den chur chuige sin an phleanáil teanga. Éireoidh níos fearr le sealbhú na Gaeilge má bhíonn sé pleanáilte roimh ré, ar bhonn atá céimithe ach atá scaoilte ag an am céanna. Beidh an stiúrthóir in ann an phleanáil a bhunú ar an aithne atá aici ar na páistí agus ar a gcuid spéiseanna, ar a cuid eolas ar na réimsí gníomhaíochtaí atá oiriúnach do pháistí óga agus ar a cuid tuisceana ar phróiseas sealbhaithe teanga. Déantar sainmhíniú ar an mbrí ata le curaclam agus pléitear na creatlaí reachtúla a bhaineann leis an réimse seo, ar Aistear and Síolta ach go háirithe. Molann Aistear trí mhórleibheál pleanála a leagan amach, sé sin plean bliana, plean téarma agus plean gearrthréimhseach is tugtar moltaí ar chonas tabhairt fúthu seo ar bhealach a oireanna d’aidhmeanna an naíonra. Moltar an obair a bhunú ar ábhair spéise na bpáistí is taifead a choimeád ar a gcuid foghlama.

Funder

Forbairt Naionrai Teoranta


Share

COinS